Feachtas na Gaeilge: ''Ollscoil Dhátheangach?''

'' Tá ról stairiúil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i leith na hOllscolaíochta Gaeilge. Ó achtaíodh Acht Choláiste Phríomh-scoile na Gaillimhe, 1929, tá dualgas reachtúil ar an Ollscoil maidir le forbairt agus seachadadh cúrsa Ollscoile trí mheán na Gaeilge, mar aon le milieu Gaelach sa choláiste trí chéile a chothú. Aithnítear nár cuireadh na hacmhainní cuí ar fáil don Ollscoil riamh chun an cúram sin a dhéanamh go cuimsitheach, críochnúil...'' (An Tuarascáil Chríochnaitheach, lch 2)

Tá líon na n-ábhar a bhíodh á dteagasc trí Ghaeilge ag titim bliain i ndiaidh bliana. Ach i bhfianaise fhorbairt na nGaelscoileanna ar fud na tíre, ní luíonn seo le ciall, ba cheart a mhalairt a bheith ag tarlú, ba cheart a bheith ag cur le líon na n-ábhar atá á dteagasc trí Ghaeilge. Caithfear meath an teagaisc trí Ghaeilge a stopadh nó go mbeidh sé ró-dhéanach. Luíonn sé ar údarás na hollscoile an tacaíocht chuí a chur ar fáil don teagasc trí Ghaeilge, agus líon na n-ábhar atá ar fáil a fhorbairt céim ar chéim amach anseo.

Más mian linn todhchaí mhaith a bheith ag an Ghaeilge sa tír seo caithfear a chinntiú go mbeidh sí ag gach aon leibhéal den tsochaí. Tá sé riachtanach go mbeidh sí mar mheán teagaisc ag an 3ú leibhéal agus tá OÉ Gaillimh in ainm is a bheith ag freastal ar an riachtanas sin.

Tagann cuid mhór mac léinn chun na hollscoile seo de thairbhe an bhéim atá ar an Ghaeilge sa champas. Maítear gurb é seo an ''Campas Eiseamláireach Dátheangach'', ach tá dochar á dhéanamh don stádas sin anois le himeacht in léig an teagaisc trí Ghaeilge sna heolaíochtaí agus sna daonnachtaí ar an champas i nGaillimh. Más maith le húdarás na hollscoile go mbeidh áit faoi leith ag an institiúid seo sa mhargadh oideachais, ba cheart dó stop a chur leis an mheath ar an teagasc trí Ghaeilge agus polasaithe a ghlacadh a dhéanfadh leas an teagaisc trí Ghaeilge.

- Caithfidh an ollscoil polasaí nua earcaíochta a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh léachtóirí á bhfostú a mbeidh ar a gcumas a gcuid léachtaí a thabhairt trí Ghaeilge.

- Caithfear an scoláireacht do mhic léinn a dhéanann a gcuid ábhar trí Ghaeilge a thabhairt ar ais ionas go mbeidh an t-aitheantas cuí ag dul dóibh agus lena spreagadh le hábhair trí Ghaeilge a roghnú.

- Tá an ollscoil anois dírithe go mór mhór ar an stádas idirnáisiúnta agus ar an taighde, ar mhaithe le hioncam na hollscoile. Caithfidh údaráis na hollscoile a aithint fosta go bhfuil éileamh ar an oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge agus go bhféadfaí dearcadh nua a ghlacadh a chinnteodh go mbeidh tógáil ar an líon ábhar atá ar fáil trí Ghaeilge san Ollscoil.

- Ní leor corr-mhodúil i gcorr-ábhar a bheith ar fáil i nGaeilge. Is é atá ag teastáil céim iomlán BA a bheadh ar fáil trí Ghaeilge.

- Fáilteoidh Comhaltas na Mac Léinn roimh iarrachtaí ar bith de chuid na hollscoile le cinntiú go mbeidh todhchaí mhaith ag an teagasc trí Ghaeilge, go dtí sin, ní ghlacfaidh muid leis an chaoi ina bhfuil cúrsaí i láthair na huaire.

Sa bhliain 1960 ba iad seo na hábhair arbh fhéidir a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge: Laidin, Gréigis, Gaeilge, Stair, Tíreolaíocht, Mata, Seandálaíocht Cheilteach, Eacnamaíocht, Gnó Cuntasaíochta, Oideachas, Fisic Thurgnamhach, Fealsúnacht agus Fisic Mhatamaitic.

San am i láthair thig le mic léinn an cúrsa chéad-bhliana a dhéanamh trí Ghaeilge sna hábhair seo a leanas: Mata, Fisic, Ceimic. Thig le mic léinn na Fisice Matamaiticiúla an chéad bhliain agus leath an dara bliain a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá an Eacnamaíocht ar fáil trí Ghaeilge sa chéad bhliain agus tá ranganna teagaisc Gaeilge ar fáil sa chéad bhliain san Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht. Tá cuid den chúrsa Fraincise ar fáil trí Ghaeilge. Tá freisin cuid de na cúrsaí Staire agus Tíreolaíochta ar fáil i nGaeilge i ngach bliain den chéim.

Ní leor é seo agus níor cheart dúinne glacadh le séanadh ár gcuid cearta mar phobal mion-teanga sa tír seo.

''Is suntasach an méid teagaisc trí Ghaeilge atá ar siúl san Ollscoil seo, mar sin, i gcomparáid le formhór na n-Ollscoileanna eile, ach is titim mhór é seo ón tráth go mbíodh roinnt de na hábhair seo ar fáil go hiomlán as Gaeilge i rith blianta uile na céime san Ollscoil. An chúis is mó leis an titim seo ná ísliú i líon na léachtóirí san ollscoil a bhfuil ar a gcumas teagasc trí Ghaeilge.'' (An Tuarascáil Chríochnaitheach, lch 3 )

Leanfaidh Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh ag tarraingt airde ar an cheist thábhachtach seo. Ní staonfaidh muid dár bhfeachtas nó go n-athraíonn údarás na hollscoile a chuid polasaithe ionas go sábhálfaí an teagasc trí Ghaeilge anseo in OÉ Gaillimh.

SU DASHBOARD LOGIN
Hello. Add your message here.