Oifigeach na Gaeilge: Senan Mac Aoidh

Tuairisc an Oifigigh Ghaeilge fá choinne Chomhairle Chomaltas na Mac Léinn

2ú Samhain 2011.

- Ag Obair ar ullmhúcháin don fheachtas 'Ollscoil Dhátheangach?' - Dréacht-Phlean feachtais scríofa agam, bunaithe ar thaighde, é seolta go dtí CnaG - ag fanacht le tuairimí s'acu - feachtas le seoladh an seimeastar seo chugainn.

- Bhí cruinniú agam le Bord an Acadaimh agus Uachtarán na hOllscoile, Jim Browne, mar gheall ar an teagasc trí Ghaeilge ar phríomhchampas na hollscoile. Cé nach raibh mé iomlán sásta le toradh an chruinnithe seo, tá go leor foghlamtha agam fá choinne an fheachtais.

- Tá mé ag leanstan den obair in éadan na dtáillí ollscoile. Chuaigh mé go dtí Ollchruinniú Bliantúil an fheachtais ar son Oideachas Saor in Aisce do Chách i mBaile Átha Cliath mar chuid den ghrúpa anseo i nGaillimh. Tá mé i ndiaidh páirt a ghlacadh in imeachtaí go leor san fheachtas seo.

- Mé ag ullmhú agus ag eagrú do dhá imeacht atá ag tarraingt orainn go gasta, léacht le hAindrias Ó Cathasaigh, 'Karl Marx agus Éire an lae inniu' a bheas ar siúl Dé Céadaoin beag seo, 9ú Samhain 7pm sa Siobhán McKenna Theatre agus an Cheardlann Scríbhneoireachta Gaeilge. Tá mé go leanúnach ag cur suas póstaer don dá imeacht seo fosta.

- Tá mé go fóill ag bainistiú na gCiorcal Comhrá agus ag déanamh fógraíochta daofa. Tá áiteanna le fáil go fóill sna trí leibhéal más mian libh an scéal a scaipeadh fá dtaobh dó. Thig libh bhur n-ainmneacha a chur síos dó in oifig Chomhaltas na Mac Léinn.

- Tá mé i ndiaidh obair a dhéanamh leis na meáin chumarsáide, labhair mé ar son an Chomhaltais ar TG4 agus tá alt faoin léacht ar Mharx i nGaelscéal na seachtaine seo.

- Chuaigh mé go dtí cruinniú náisiúnta de chuid Chonradh na Gaeilge thíos i mBaile Átha Cliath, áit ar chas mé le hoifigigh Gaeilge agus baill na gcumann Gaelach as achan chearn den tír.

- Tá mé ag obair i rith an ama ar an fhéile atá le bheith ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge i mí Mhárta.

- Tá mé i gcumarsáid le mic léinn an Acadaimh i gcónaí agus chaith mé deireadh seachtaine leofa ar na mallaibh le haithne níos fearr a chur orthu agus rudaí a phlé leofa. Tá níos mó oibre le déanamh agam sa réimse seo.

- Ó thaobh aistriúcháin tá mé ag stocaireacht liom i cruinnithe choiste an Chomhaltais. Gealltar dom go mbeidh an suíomh idirlín aistrithe gan mhoill. Gheall na hoifigigh go léir chomh maith go ndéanfadh siad a ndícheall póstaeir is a leithéid a chur chugamsa le haistriú sula dtéann siad amach. Tá níos mó oibre le déanamh agamsa anseo agus ní stopfaidh mé nó go mbeidh an Comhaltas ag comhlíonadh a chuid dualgas mar 'eagraíocht dhátheangach'.

- Mar is gnách tá mé ag obair leis na cumainn Ghaelacha agus beidh mé ag feidhmiú mar oifigeach slándála ar an turas go dtí an tOireachtas.

SU DASHBOARD LOGIN
Hello. Add your message here.