Oifigeach na Gaeilge: Senan Mac Aoidh
Tuairisc an Oifigigh Ghaeilge fá choinne Chomhairle Chomaltas na Mac Léinn
- Ceartúcháin ar ailt i nGaeilge fá choinne SIN.
- Ag eagrú liom fá choinne bannaí agus imeachtaí siamsaíochta éagsúla a theacht isteach le linn Seachtain na Gaeilge. Bhí cruinniú agam le bainisteoir Bheár an Choláiste le socraithe a dhéanamh fá choinne na seachtaine.
- Tá mé páirteach le Coiste Sheachtain na Gaeilge agus bhí dhá chruinniú agam go dtí seo ar mhaithe le pleanna a chur i gcrích don fhéile.
- Mé i gcónaí ag troid in aghaidh táillí ollscoile. Bhí mé páirteach in eagrú an Fhóraim ar Tháillí Ollscoile ar na mallaibh. D'aistirigh mé bileog go Gaeilge fá choinne an fheachtais Saor-Oideachas do Chách. Rinne mé scairteanna amach ag léachtaí faoin troid in éadan táillí ollscoile.
- D'atheagraigh mé córas na gciorcal comhrá le haghaidh an tseimeastair seo.
- Cumarsáid leis an Acadamh ar an Cheathrú Rua, mé ag bualadh leis na mic léinn ansin ar an Aoine, an 27ú.
- Mé ag cuidiú le mic léinn aonaracha a bhfuil fadhbanna acu.
- Bhí cruinniú agam le hionadaí ó Bhaile na Coiribe fá choinne imeachtaí Gaelacha a eagrú thall ansin.
- Thug mé cúnamh don chumann craic leis an Chéilí a bhí ar siúl i mBeár an Choláiste.