Oifigeach na Gaeilge: Senan Mac Aoidh


Lúnasa/Meán Fómhair

  • Eagrúchán don fhéile le linn Seachtain na Gaeilge, tá mé i ndiaidh dhul i dteagmháil le bannaí agus grúpaí siamsaíochta eile.
  • Obair leanúnach ar an fheachtas ‘Ollscoil Dháthenagach?' - tá cuid mhór taighde déanta agam ar an reachtaíocht atá i gceist agus bhí cruinnithe agam le daoine éagsúla sa choláiste le tacaíocht a fháil. Bhí cruinniú agam fosta le hoifigeach na Gaeilge USI agus le cumann aitiúil chumann na Gaeilge le tacaíocht a fháil don fheachtas.
  • Obair leanúnach leis an fheachtas in éadan na dtáillí ollscoile, chuaigh mé féin agus an t-oifigeach comhionannais William O'Brien ag agóidíocht nuair a tháinig Enda Kenny go dtí an campas sa tsamhradh. Chomh maith leis seo bhí mé páirteach in agóid ag an ‘think in' a bhí ar siúl ag Fine Gael i nGaillimh.
  • D'eagraigh mé léacht leis an scríbhneoir iomráiteach Aindrias Ó Cathasaigh don 9ú Samhain, dar teideal ‘Smaointe Karl Marx agus Éire an lae inniu'.
  • D'eagraigh mé i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht Ceardlann Scríbhneoireachta le Mícheál Ó Conaighle agus Pádraig Ó Cíobháin. Tosóidh sé 11ú Samhain.
  • D'eagraigh mé Ciorcail Chomhrá ag trí leibhéal, bun, meán agus ard. Tá siad le toiseacht an tseachtain seo.
  • Rinne mé margadh le Gaelscéal fá choinne páipéir ar lascaine a fháil do na ciorcail chomhrá.
  • Chuidigh mé leis an Chumann craic agus an Cumann Drámaíochta ar lá na gcumann.
  • Rinne mé iarracht fadhb an aistriúcháin sa Chomhaltas a shocrú i gcomhar le lucht múinte léann an aistriúcháin ach cheal sin agus go dtí go dtagann muid ar réiteach fad-téarmach tá mise ag aistriú póstaeirí is mar sin don chomhaltas.
  • Thaispeáin mé an scannán ‘An Píopa' i gcomhar le ECO SOC.
  • Chuidigh mé le heagrú Chóisir na Mac Léinn i gcomhar leis na cumainn ghaelacha.
  • Tá mé ag obair anois ar choiste a chur le chéile le hailt Ghaeilge rialta a bheith i Sin.
SU DASHBOARD LOGIN
Hello. Add your message here.